Maire Brennan - Ó Bhean A´tí lyrics

> Lyricspedia > Maire Brennan > Ó Bhean A´tí
Incorrect?

Ó éirigí suas a thogha na bhfear,
Is cuirigí píce ‘r bharr gach cleith.
Is leagaigí síos iad lucht an droch-chroí
Agus cuirigí dlí na Frainc´ ar bun.
Agus ó bhean a´ tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a´ tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a´ tí, nach suairc é sin?

Tá jug ar an mbord is tá beoir ag teacht,
Tá arm go leor ag an Duke of York.
Tá ‘n Francach ‘s an Spáinneach ar bhruach na trá,
Agus b´fhearr liom go mór é ná comhrá ban,
Agus ó bhean a´ tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a´ tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a´ tí, nach suairc é sin?

Ó shuigh mise síos ‘s mo mhian le m´ais,
Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear;
Sé dúirt bean a´ tí den chomhrá mhín,
Gan airgead síos bí ‘gabháil amach,
Agus ó bhean a´ tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a´ tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a´ tí, nach suairc é sin?

Maire Brennan Ringtones
Go to Maire Brennan lyrics
© 2005-2008 Music Lyrics